7.6.2016   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 203/26


Airteagal 60

Cuirfidh ábhair úsáidirí in iúl don Ghníomhaireacht ó am go chéile na soláthairtí atá ag teastáil uathu, agus sonróidh siad na cainníochtaí, a nádúr fisiceach agus ceimiceach, a n-áit tionscnaimh, an úsáid atá beartaithe dóibh, dátaí a seachadta agus téarmaí a bpraghais, arb iad is téarmaí agus coinníollacha don chonradh soláthair is mian leo a dhéanamh.

Mar an gcéanna, cuirfidh táirgeoirí in iúl don Ghníomhaireacht tairiscintí is féidir leo a dhéanamh, agus luafaidh siad na sonraíochtaí uile, agus go háirithe ré na gconarthaí, is gá chun go bhféadfar a gcláir tháirgthe a tharraingt suas. Ní bheidh ré na gconarthaí sin níos faide ná deich mbliana ach amháin le comhaontú an Choimisiúin.

Cuirfidh an Ghníomhaireacht in iúl do gach ábhar úsáidire na tairiscintí agus an méid iarratas a fuair sí agus iarrfaidh sí orthu a gcuid orduithe a chur isteach laistigh de thréimhse shonraithe.

Nuair a bheidh na horduithe sin uile faighte ag an nGníomhaireacht, cuirfidh sí in iúl na téarmaí ar a bhféadfaidh sí freastal dóibh.

Mura bhféadfaidh an Ghníomhaireacht freastal, ina n-iomláine, do na horduithe uile a fuarthas, déanfaidh sí, faoi réir fhorálacha Airteagail 68 agus 69, na soláthairtí a roinnt go comhréireach ar na horduithe a bhaineann le gach tairiscint.

Leagfar síos i rialacha ón nGníomhaireacht, nach foláir a bheith formheasta ag an gCoimisiún, an modh ar a ndéanfar cothromú idir an t-éileamh agus an soláthar.